An teach ina chónaí siad, teach ceann tuí, breá te, coinnithe go maith. Bhíodh coirce ag fás acu, d’úsáid siad seo do na beithígh agus choinníodh siad síol don bhliain dár gciDonn. San am sin, dhéanadh siad malairt ar earraí, lód móna ar ghamhain mar shampla, ní raibh airgead ar bith i gceist. Bhí na comharsana iontach carthanach agus cuidiúil mar go raibh said ag brath ar a chéile.